Fáilte chuig Liathróidí, le grá ó Diarmuid Lyng

Fáilte chuig Liathróidí, le grá ó Diarmuid Lyng
Diarmuid Lyng
Le Diarmuid Lyng D’athraigh
Roinn an scéal seo

Cad is spórt dúinn? Cá mbuaileann sé le súgradh? Ó thaobh stair agus cultúr na tíre seo, cé chomh tábhachtach is atá ár gcluichí dúchasacha dúinn? Mbeadh deis ann tuiscint dhifriúla a fháil ar gluaiseacht, ar chath, ar cluiche tríd teanga dhifriúla, tríd ár dteanga féin?

Bím fiosrach faoi na ceisteanna seo agus tuigim go bhfuil daoine eile amuigh ann leis na ceisteanna céanna.

Ceann acu ná Paul Rouse. D’fhéadfá a rá go bhfuil níos mó freagraí bainte amach aige maidir leis na ceisteanna sin ná is atá agamsa. Is breá liom a bheith ag labhairt leis, agus cé nach n-aontaímid faoi gach aon rud, bím fiosrach faoi na tuairimí atá aige i gcónaí, mar braithim go bhfuil doimhin-machnamh déanta aige orthu.

Shuíomar ar mhaithe an suíomh nua seo ‘Liathróidí’ agus dhíríomar ar saibhreas comhrá in áit ar bith a raibh saibhreas teanga in easnamh. Tá súil agam go mbaineann sibh taitneamh as.

Beidh traenáil neartú agus aclú fhoireann Luimnigh linn, Cairbre Ó Cairealláin agus surfálaí Sligeach, Easkey Britton inár dteannta chomh maith, le níos mó le foilsiú chomh luath is atá siad socraithe againn.

Cé go bhfuil ceisteanna dteanga leadránach do chuid is mó, labhraím Gaeilge, bíonn sé lárnach sa chomhrá go minic, ní eadrainn fhéin de ghnáth, ach san áit in a mbuailimid leis an ndomhain ‘Béarlach’, nó le foghlaimeoirí Gaeilge. Leis sin san áireamh, táimid dírithe ar phodcraolta agus altanna dátheangach a roinneadh.

Arís, braithim go bhfuil sé fíor suimiúil an slí in a labhraímid, nó smaoinímid, i dteanga dhifriúla.

FÓGRA

Níl fonn orm aistriúcháin ceart, cruinn a dhéanamh, ach sliocht Béarla a scríobh agus ansin an coincheap chéanna a thógaint as Gaeilge, ach é a scríobh le meon Gaelach in ionad aistriúchán dhíreach. Braithim go bhfuil dóchas ann don teanga amach romhainn nuair a scaoilfimid leis an dtuairim go bhfuil sé do dhíth orainn aistriúchán cruinn, ceart a dhéanamh.

Scaoilfimid orainn féin, an Ghaeil ionainn, toisc go bhfuil rud éigin luachmhar le roinneadh againn, rud nach féidir chur trasna sa Bhéarla nó aon dteanga eile. Sin áit in a mhaireann luach na teanga domsa.

Mar sin bainigí súp as na hagallamh as na haltanna amach romhaibh agus bí cinnte dul i dteagmháil linn maidir le tuairimí agus moltaí maidir le haoíanna agus ábhar.

FÓGRA

Grá mór

Diarmuid.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement