• Baile
  • /
  • Sacar
  • /
  • Pass it On ag athrú an meon timpeall ar Sacar na mBan

Pass it On ag athrú an meon timpeall ar Sacar na mBan

Pass it On ag athrú an meon timpeall ar Sacar na mBan
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

Is dea rath faighte ag seachtaine a haon den clár nua ‘Pass it On: Sacar na mBan’ ar RTÉ. Tá muid ar fad ag tnúth leis an dara eagrán is céard atá i ndán do na mná i rith an seisúir.

Taispeánn an clár an ard chaighdeán de sacar atá dhá imirt i sraith scar na mban faoi láthair, is réalta óga cosúil le Tara O Hanlon nó Erin McLoughlin san áireamh. Is na mná óga seo ag forbairt tríd na rangú is iad ag tabhairt aghaidh ar an mór bhrionglóid, imirt don foireann náisiúnta nó ag buachaint an ‘Ballon D’Or’.

Ag athrú an Meon

Ach ar an droch uair níl an tacaíocht ceann ag sacar na mban is atá ag cluiche na bhfear.

Creideann fear feistis Gaillimh Aontaithe Marc O Goill  gur bé an ardán atá ag an clár seo chun na léiriú agus meon atá na imreoirí a nochtadh do mórphobal na hÉireann, an beocht atá ag sacar na mban. Creideann Ó Goill go n-athróidh sé an meon thimpeall sacar na mbán.

“Tá sé fíor thábhachtach i ndáiríre. Is árdán mór é RTÉ. Tá sé tábhachtach go bhfuil muid in ann sacar na mban a fheiceáil ar clár comh mór seo. Mar sin breathnaíonn sé níos fearr do dhaoine nach mbeidh ag breathnú ar peile na mban ró-mhinic.

Tá sé an tábhachtach go bhfuil muid in ann é sin a chuir amach ansin agus an caighdeán sacar a thaispeáint do dhaoine a beidh ag smaoineamh ‘níl sé comh maith sin', athraíonn sé meon na ndaoine”

Léigh Anseo: Rátáil Imreoirí FINB Agus Sasana ag Tabhairt Abhaile Creach an Aviva

Stiogma thimpeall Sacar na mBan

Tá stiogma ollmhór thimpeall ar spóirt na mban go ginearálta nach bhfuil sé comh maith le spóirt na bhfear. Ach is é dearca Ó Goill nár cheart comparáid a deanamh eatarthu agus comh luath is féidir an meon sin a athrú go mbainfidh níos mó daoine sult as sacar na mban.

FÓGRA

“Cheapfainn féin go bhfuil sórt stiogma ann mar gheall gur cailíní nó mná iad agus tá daoine sórt ‘close minded’ i dtaobh sacar na mban  agus cheapfainn go ndeanamh an clár seo sár jab é sin a athrú.

Tá pearsantacht ann tá cultúir ann agus mar a dear mé cheana féin tá sé difriúil i dtaobh scar na bhfear, mar gheall go bhfuil bealaí difriúil leis an cluiche a imirt.

Is dóigh liom go bhfuil an stiogma sin ann mar gheall go bhfuil sé difriúil, ach níl é sin le rá go bhfuil sé níos measa.”

Cuireann an dara eagrán den clár, béim ar an spreagadh a bhíonn ag na himreoirí ar cailíní óga. Taispeánann sé na féidearthachtaí atá ann do cailíní óga dul agus imirt ag ard chaighdeán scar.

Comh luath is bhíonn an stiogma togtha as an áireamh níos luaithe a feicfidh muid fás i sacar na mban, agus tá comharthaí ann go bhfuil ag éirigh leo is ós cionn 32 míle daoine i láthair i stáide an Aviva don cluiche oíche Dé Luain

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement