Podchraoladh Rugbaí Nua Trí Gaeilge 'Úd Dudes'

Podchraoladh Rugbaí Nua Trí Gaeilge 'Úd Dudes'
Roinn an scéal seo

I measc an chlúdach iontach spóirt i nGaeilge atá ar fáil ar líne, bhí easpa ar leith a sheas amach do Seán Ó Ciardha agus Ciarán Ó Flaithearta: cén fáth nach bhfuil podchraoladh dírithe ar rugbaí i nGaeilge? Bheartaigh an bheirt é seo a chuir ina cheart lena bpodchraoladh Úd Dudes, áit a dhéantar anailís agus caint ar chúrsaí an spórt sin in Éirinn.

Céard a spreag sibh chun podchraoladh a thosnú?

“Shíl muid go raibh clúdach rugbaí TG4 ar fheabhas ar fad, gach seans nach bhfaigheann siad a ndóthain moladh don chaighdeán a bhaineann siad amach. Sé an sprioc atá againn leis an bpodchraoladh ná bheith in ann labhairt go mion faoi chúrsaí rugbaí go ginearálta, agus sin an buntáiste atá againn leis an méan áirithe seo. Is rud comhlántach é don luchta leanta atá ag breathnú ar an teilifís nó atá istigh sa staid” a deir Seán Ó Ciardha

Cinnte is léir go bhfuil éileamh ar an saghas seo ábhar, le breis is 200 duine a d’éist leis an gcéad eagrán agus an uimhir sin ag méadú leis an dara agus an tríú eagrán foilsithe chomh maith le na blaisíní físe a roinneann an bheirt ar na meáin shóisialta TikTok agus Instagram. Feicimid sna blaisíní sin an cuir chuige neamhfhoirmeálta, réchúiseach atá ag an mbeirt láithreoir, cairdeas a thosaigh in oifig a roinn siad “Gach seans gur phlémar cúrsaí rugbaí Chonnachta níos mó ná cúrsaí oibre!” a deir Seán le meangadh gáire.

 

Faoi na leaids

Gaeilgeoirí on gcliabhán an bheirt - as Inis Mór Árainn Ciarán agus is as Baile Átha Cliath Seán, ach as taighleach le neart nascanna leis an nGaeilge agus leis na meáin. Tá cúlra sna meáin ag an mbeirt mar a tharlaíonn sé, rud atá soiléir nuair feictear cé chomh compórdach atá siad ag caint - tá Ciarán ag obair le rannóg spóirt TG4 i láthair na huaire, agus chaith Seán breis is 5 bliana ag obair ar chúrsaí teilifíse idir rólanna os comhair agus taobh thiar den cheamara. Is bainisteoir margaíochta anois é Seán le Citylink, comhlacht a dhéanann urraíocht ar Chonnacht agus rud thugann deis dó bheith sa staid Dexcom go rialta.

An sprioc atá acu i dtaobh an Ghaeilge a chuir chun cinn, tá sé an-simplí; deir Ciarán, “Tá sé tábhachtach dúinne go bhfuil an Ghaeilge lárnach sa seó ar bhealach sothuighte agus a chuireann fáilte roimh fhoghlaimeoirí. Tá sé cloiste againn beirt go minic ó dhaoine nach bhfuil, seans, an Ghaeilge is láidre acu gur bhreá leo an anailís ar TG4 a thuiscint mar sin táimid ag iarraidh freastal ar an bpobal sin chomh maith leis an té atá líofa”

Foilsítear eagrán nua den bpod go seachtainiúil - ar láthair na huaire is féidir iad a aimsiú ar Spotify nó ar fotha RSS agus cuirtear na blaisíní is fearr ar na meáin shóisialta le fotheidil Béarla (agus le neart meme-anna agus spraoi).

Spotify - RSS - https://anchor.fm/s/11065ebfc/podcast/rssInstagram - https://www.instagram.com/nauddudesTikTok - https://www.tiktok.com/@ud.dudes.podcast?_r=1&_t=ZN-956Iqcxvhws

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2026. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement