D’fhill Joey Carbery go buacach ar thalamh na hÉireann Dé Sathairn, ag stiúradh Bordeaux go bua iontach 40-19 i Ravenhill.
Ba é seo an chéad tosú Eorpach ag Carbery do sháracháin na Fraince, agus bhain sé dhá chic slánaithe amach, Bordeaux ag fágáil tús mall uathu le 26 pointe gan fhreagra sa dara leath agus bua suntasach faighte acu sa deireadh.
Caithfidh gur bua binn a bhí ann d’fhear Bhaile Átha Í ach go háraithe, i gcomhthéacs an mhí-áidh uafásaigh a bhí air i dtaobh gortaithe de agus é ag imirt le Cúige Mumhan.
Chuir gortú isteach ar a chéad séasúr le Bordeaux freisin - gortaíodh é ina chéad chluiche sa Fhrainc agus chaill sé roinnt seachtainí dá bharr.
De réir na fianaise le coicís anuas, is cosúil gurb iad Bordeaux ceann de na trí thaobh is fearr san Eoraip agus ba léir in aghaidh na n-Ultach go mbeidh ról tábhachtach ag Carbery ina rathúlacht sa Top 14 agus san Eoraip araon.
Cuireann Joey Carbery slua Uladh ina thost
Ba léir ó eachtra amháin sa dara leath an tábhacht a bhain leis an gcluiche do Joey Carberry. Tar éis do Bordeaux a dtríú úd a scóráil chun an cluiche a chothromú, bhí cic slánaithe ag Carbery nach raibh i bhfad ón taobhlíne.
Thóg sé a chuid ama air, mar a cheadaítear dó a dhéanamh, cé go raibh beagán ruaille buaille ag teacht ó na seastáin.
De réir mar a d'ardaigh na hoifigigh an bhratach chun cur in iúl go raibh an liathróid thar an trasnáin, chuir Carbery a lámh chun a chluas agus chomharthaigh sé i dtreo muintire dílse Ravenhill sula raibh an bhratach suas fiú. Ansin, rinne sé stánadh ar an slua tar éis dó a thí ciceála a phiocadh suas.
Match très spécial pour le n°10 irlandais de l'UBB Joey Carbery, chahuté par le public et chambreur lorsqu'il donne l'avantage à l'UBB juste après l'heure de jeu 😊
Ça doit être un succès avec une saveur particulière pour lui et Noël McNamara !#ULSvUBB #ChampionsCup pic.twitter.com/6kqECbc59y— catourneovale (@catourneovale) December 14, 2024
I mean that's big talk for someone who's held together with thoughts prayers and tape pic.twitter.com/rV04Bjlng1
— Eanna (@Eanna_jpg) December 14, 2024
Ba léir go raibh áthas an domhain ar Charbery slua Bhéal Feirste a chur ina thost.
Tá Bordeaux ag barr Pool 1 faoi láthair, le dhá bhua faighte acu i ndá chluiche.
Lá crua eile a bhí ann do Richie Murphy agus do Chúige Uladh i gcoinne scoth an fhreasúra Fhrancaigh. Dúirt sé le tuairisceoirí ina dhiaidh an chluiche:
Tá siad ag rolladh amach roinnt coirp móra agus ansin tháinig an cluiche cumhachta isteach, roinnt aistriú seilbhe, pionós easpa scaoileadh dúinne ab ea ceann dá n-úd. Ach ritheann siad fad na páirce agus baineann siad scór amach... is deacair déileáil leis agus briseann na cinn sin an cluiche ar oscailt.
Imreoidh siad Cúige Mumhan Dé hAoine seo chugainn, i gcluiche ina bheidh bua ag teastáil go géar ón dá thaobh.