Na Torthaí ar fad ó Dheireadh Seachtaine Craiceáilte sa CLG

Na Torthaí ar fad ó Dheireadh Seachtaine Craiceáilte sa CLG
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

Bhí go leor CLG  ar siúl an deireadh seachtaine seo is muid ag druidim isteach chuig cluichí ceannais na cúige seo chugat na torthaí ar fad ó deireadh seachtaine craiceáilte sa CLG.

Ar an Sathrain buail Ard Mhacha an Dún ar cúilín amháin i gCluain Eois chun áit a deimhniú i gcluiche ceannais peil Uladh. Ach ní sa peil amháin a raibh an spraoi ar fad. Chuir foireann eile Uladh iontas ag gach duine, ag baint amach bua gan coinne i babhta 2 de craobh iománaíocht Laighean, le Aontraim ag fáil an ceann is fearr ar Loch Gormáin 2-22 v 2-20.

Ar an Domhnach bhain Dún na nGall amach bua súntasach ar Tír Eoghain le fir Jim McGuinness ag dul ar tóir an darna craobh an séasúir seo.

Bhí an coinne idir Gaillimh agus Cill Chainnigh go díreach mar a bheifí ag súil leis. Ba cogadh teannais a bhí ann mar is gnáthach agus an cosúlacht go mbeidh an bua ag na Cait. Ach fuair Gaillimh deis iontach chun an cluiche a shábháil, chur poc saor ó Evan Niland ar ais san iomaíocht iad agus cúilín in san cúigiú nóiméad am briseadh ón gcaptaen Conor Whelan chun pointe amháin a tharrtháil in san comórtas ciorclach.

Mar is gnáthach bhí an aicsean ar fad i craobh na Mumhan leis an cluiche cinniúnach idir an Chlár agus Corcaigh. Chaith Corcaigh go leor den cluich in tosaigh ar a cuid hiomaitheoirí ach d’iompaigh an cluiche bun os cionn nuair a cuireadh captaen Chorcaigh Seán Ó Donoghue den pháirc tar éis dó greamú gan gá a deanamh ar Shane O Donnell. Cé gur lean Corcaigh ar aghaidh ag troid go dtí an deireadh ba ag an Clár a bhí an bua 3-26 v 3-24.

Faraor in san cluiche eile i cúige Mumhan ní mórann go comórtas a bhí ann le seaimpíní na hÉireann anuraidh ag baint amach bua fíor súntasach ar Tiobraid Árann leis an cluiche ag críochnú sna TUS Gaelic Grounds 2-27 v 0-18.

Torthaí na Deireadh seachtaine seo

Dé Sathrain 27th Aibreán

FÓGRA

CPSU Ard Mhacha 0-13 v 2-06 An Dún

CISL Aontroim 2-22 v 2-20 Loch Garmáin

CISL Ceatharlach 0-22 v 1-24 Baile Áth Cliath

FÓGRA

Dé Domhnaigh 28ú Aibreán

CPSL: Cill Dara 0-13 v 0-17 An Lú

CPSL: Uibh Fháilí 0-11 v 3-22 Baile Áth Cliath

FÓGRA

CPSU :Dún na nGall 0-18 v 0-16 Tír Eoghain

CISL :Gaillimh 2-23 v 0- 29 Cill Chainnigh

CISMCorcaigh 3-24 v 3-26 An Clár

FÓGRA

CISM Luimneach 2-27 v 0-18 Tiobraid Árann

Beidh níos mó aicsean le feiceáil an deireadh seachtaine seo chugainn nuair a leannan na Craobh Iománaíocht Laighin agus Mumhan ar aghaidh, agus sa bpeile tá muid isteach sna cluichí ceannais le Craobh Chonnacht agus na Mumhan le baint amach.

 

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement