• Baile
  • /
  • Gan Chatagóir
  • /
  • Tagann John Higgins ar ais chun áit sna Ceathrú Ceannais ag an Crucible a ghlacadh

Tagann John Higgins ar ais chun áit sna Ceathrú Ceannais ag an Crucible a ghlacadh

Tagann John Higgins ar ais chun áit sna Ceathrú Ceannais ag an Crucible a ghlacadh
Conor O'Donnell
Le Conor O'Donnell D’athraigh
Roinn an scéal seo

Bhí an chuma ar an sceál inné go raibh an bua beagnach ag fear tuaisceart na hÉireann Mark Allen ar John Higgins nuair a bhí scór 10-7 ann , go háirithe ansin nuair a bhí sé 12-11 i bhfabhar Allen.

D'fhág Allen seans do Higgins, sean a ghlac Higgins ag aimsiú an phóca le liathróid bhándearg sa phóca láir, thug seo muinín dó chun brú ar aghaidh.

Cluiche cinniúnach a bhí ann ansin ag 12-12 agus arís bhí an chuma ar an scéal go raibh Allen chun teacht tríd mar bhuaiteoir go dtí gur chuir sé iarracht ar dhearg amú, tar éis 62 a scóráil mar bhriseadh bhí trí nó ceithre iarrachta ón mbua.

Bhí ar Higgins teacht chuig an mbord agus gach rud a scóráil chun an cluiche a thógáil.  Gan aon fhadbh thosaigh sé le dúbailt a scóráil, ag socrú é féin suas do chuid eile den chluiche.

Le scóráil nach raibh foirfe mar gheall nach raibh áitiú an ciúliathróid iontach don dhearg tar éis an dubh a chur sa phóca, fós bhí sé in ann brú ar aghaidh ag scóráil dearg iontach casta. Ansin chuaigh sé chun cinn ag cur isteach na dathanna go léir ag léiriú díograis agus smacht.

Críoch dochreidte a bhí leis an bhfráma agus an cluiche.  Le briseadh 62 ag Mark Allen bhí dúshlán mór roimh John Higgins, ach i bhfaisin drámatúil ag léiriú scil dochreidte. Bhain an fear Albanach an cluiche amach chun áit a ghlacadh sna ceathrú ceannais.

A Ghlanadh is Fearr riamh a bhí aige, a deir John Higgins

FÓGRA


Ag labhairt in agllamh BBC tar éis an chluiche le láithreoir Hazel Irvine agus iarchúradh snúcair an domhain 1997, Éireannach Ken Doherty, chuir Hazel ceist air cén chaoi gur rátáil sé an glanadh suas na liathróidí sin. Dúirt sé;

FÓGRA

Is dócha an ceann is fearr riamh, an ceann is fearr riamh nuiar a smaoiníonn mé ar gach rud a chuaigh mé tríd le blianta beaga anuas, ag titim ag na constaca deireannacha agus mar sin.

So chun é sin a dhéanamh faoin mbrú is mó, mhothaigh mé go hiontach. Mhothaigh mé go hiontach, agus bhraith mé, caithfidh mé a dúbailt a dhéanamh..tá cleachtadh agam leis na dúbailt, tá neart curtha amú agam ach más rud é go bhfaighim é sin tá seans slítheanta agam.

Ag caint faoin dearg deireannach a scóráil sé,  a dúirt Stephen Hendry gurbh é an iarracht is fearr feicithe aige riamh, dúirt Higgins gurbh an iarracht seiceála é.

FÓGRA

Ba iarracht seiceála é ar bhealach mar bhí mé ag smaoineamh caithfidh mé gach rud a thabhairt don iarracht seo agus an dearg a rolladh isteach, agus shíl mé nah déan dearmad air tá mé suas don liathróid donn.

Is cluichí le taispeántais iontacha mar seo sa Crucible a thugann fuinneamh agus sceitmíní do dhaoine faoin Snúcar.  Is léir go mbeidh ar féachaint ar cluichí ceannais den scoth i mbliana.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement