• Baile
  • /
  • CLG
  • /
  • An fáth go raibh 'Big John' ag tabhairt tacaíochta d'fhoireann peile na Gaillimhe i Londain

An fáth go raibh 'Big John' ag tabhairt tacaíochta d'fhoireann peile na Gaillimhe i Londain

An fáth go raibh 'Big John' ag tabhairt tacaíochta d'fhoireann peile na Gaillimhe i Londain
Conor O'Donnell
Le Conor O'Donnell D’athraigh
Roinn an scéal seo

Dé Sathairn seo caite thaistil na sluaite ó Ghaillimh trasna go Londain don chluiche craoibhe peile Chúige Connacht Gaillimh v Londain.

Ní haon ionadh go raibh go leor geansaithe Gaillimhe le feiceáil i bPáirc McGovern i Ruislip ach rud nach raibh leantóirí CLG ag súil le ná 'BOSH' le cloisteáil agus 'Big John' Fisher an réalt mór Tik Tok a fheiceáil ag an gcluiche le geansaí Gaillimhe á chaitheamh aige.

Bhí neart daoine ag fáil pictiúir agus físeán leis an bhfear 'BOSH' atá cáiliúil go mór ar na meáin shóisialta le Tik Tok áit ina ndéanann sé físeáin ag ithe mearbhia go háirithe béile Síneach agus ag rá a mana cáiliúil 'Bosh'.

Bhí ionadh ar dhaoine an fear mearbhia Tik Tok a fheiceáil ag cluiche peil Ghaelach agus le geansaí Gaillimhe á chaitheamh leis an mbranda Supermacs le feiceáil.

Ar Instagram Big John, feictear é ag labhairt le leantóirí chomh maith le húinéir Supermacs Pat McDonagh, a chur failte roimh Big John teacht go Gaillimh ar an 28ú Aibreáin don chluiche iománaíochta Gaillimh v Cill Channigh.

Is léir gur bhain Big John taitneamh as an lá ag a chéad cluiche peil Ghaelach riamh.

Tá sé ag súil go mór leis an gcluiche iomanaíochta i nGaillimh ar an 28ú Aibreáin.  Beidh Gaillimh ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i bPáirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá ag a 2pm don dara babhta den Chraobh Iomána Laighin.

FÓGRA

Seans go mbeidh Pat McDonagh ag cur fáilte roimh Big John burgar Supermacs a thriáil.

Bheadh an fhógraíocht go maith más rud é go dtaitníonn bia Supermacs le Big John agus é a thaispeáint ar a Tik Tok agus ar na meáin shóisialta.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement